Skip to main content

Irish Language Ambassador

  • Programme of events

Megan Ní Ógáin

Haigh! Megan is ainm dom agus is mór an onóir dom a bheith mar ambasadóir  “Wonder Walls” i mbliana!

Táim ag cruthú ealaín ar feadh mo shaol ar fad ach an cuimhne is luaithe atá agam den ealaín ná a bheith ag féachaint ar na múrphictiúirí mórthimpeall ar chathair Phort Láirge. Spreag siad seo mé chun mo chuid saothair féin a chruthú agus thosaigh mé ag iarraidh an scil a mhúineadh dom féin agus a fhorbairt dá bharr. Is breá liom a bheith ag obair le meáin éagsúla ar nós gualach líníochta, péint agus dúch. Ach, taitníonn sé go mór liom nuair a bhíonn an deis agam chun foghlaim faoi meáin nua. Cabhraíonn an ealaín go mór liom ó thaobh mé féin a chur in iúil i slite nach féidir le focail agus ní féidir liom smaoineamh ar mo shaol gan é! Ceapaim féin gur deis iontach é Cruinniú na nÓg chun triail a baint as rudaí nua chomh maith le foghlaim faoi na healaíne éagsúla. Chun cur le sin, is deis iontach é aithne a chur ar daoine nua lena suimeanna céanna!

Venue

Nationwide
Ireland

06 Jun 2026

1.00PM

Age range

0-4

5-8

9-12

13-15

16-18

Why not try