Skip to main content

Ceardlann Gearrthóg Beochana

  • Workshop

Beidh ceardlann gearrthóg beochana (animation) ar siúl i Stiúideo Fia ar an 6ú mí Meitheamh do Chruinniú na nÓg 2026. 

Beidh na daoine óga ag cur físeán gearr le chéile don obair atá déanta acu laistigh den lá seo. Beidh na daoine óga ag obair le gaineamh, sliogáin mhara, marla srl. chun rudaí a dhearadh don físeán. Beidh deis acu foghlaim conas taifeadadh a dhéanamh agus conas físeán a chuir le chéile. Beidh an físeán seo le feiceáil ag ‘Frame Fest’ I mí Lúnasa. Tá sé seo cruthaitheach agus is deis difriúil é do na daoine óga sa cheantar seo. Beidh deiseanna ag na daoine óga a thógann páirt sa gceardlann seo tuilleadh den saghas obair seo a dhéanamh sa todhchaí más mian leo, tabharfaidh an ceardlann seo blaiseadh maith dóibh. 

Chun tuille eolas a fháil téigh chuig http://www.muintearas.com 

Muintearas Suíomh Gréasáin

Venue

Stiuideo Fia
Litir Mór
Conamara
G
H91YY43 

06 Jun 2026

Age range

13-15

16-18

Why not try