Skip to main content

Ceardlann Drámaíocht (9-12)

  • Workshop

Beidh dhá cheardlann drámaíochta i Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) do Chruinniú na nÓg 2026. 

Beidh gach seisiún dírithe ar scileanna bunúsacha drámaíochta a fhorbairt trí chluichí amharclainne, seiftiú, gluaiseacht agus scéalaíocht. Spreagfar na rannpháirtithe a gcuid smaointe féin a úsáid chun radhairc ghearra a chruthú i gcomhar lena chéile. 

Beidh béim ar: 

  • chruthaitheacht agus samhlaíocht 
  • muinín phearsanta agus scileanna cumarsáide 
  • obair fhoirne agus comhoibriú 

Tabharfar deis do na páistí a gcuid guthanna féin a chur in iúl trí na gníomhaíochtaí, agus cuirfear timpeallacht thacúil, spraíúil ar fáil dóibh chun triail a bhaint as drámaíocht. 

Beidh éascaitheoir gairmiúil (Fil Uí Dhubhghaill) i gceannas ar na ceardlanna, le tacaíocht ó chúntóir chun a chinntiú go bhfaigheann gach páiste aird chuí agus go mbíonn rannpháirtíocht iomlán ann. 

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo deis chruthaitheach ardchaighdeáin a chur ar fáil do pháistí i gceantar tuaithe Gaeltachta. 

Chun tuille eolas a fháil, chuir ríomhphoist ar: seanscoil@cst.ie 

Suíomh Greasáin Comharchumann Shailearna Teo

Venue

Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna)
Indreabhán
Conamara
G
H91 W925 

06 Jun 2026

3.30PM - 5.00PM

Age range

9-12

Why not try