Skip to main content

Scoil Rac ar Oileán Árainn Mhór !

  • Workshop

Bígí linn, a chairde, ag Cruinniú na nÓg ar Oileán Árainn Mhór don Scoil Rac!

Beidh lá spreagúla, spraíúla do dhaoine óga (aois 12+) le Declan McClafferty agus ceoltóirí eile Dé Sathairn, an 6 Meitheamh.

Ceoltóir agus amhránaí is ea Declan McClafferty, nó “Ramper” mar is fearr aithne air. Tá cáil bainte amach aige as a bheith ag seinm leis an bhanna mór le rá In Their Thousands, agus is ceoltóir seisiúin aitheanta é. Tá sé tar éis dul ar chamchuairt mar bhall de bhanna Ryan McMullan, ag oscailt do cheoltóirí móra ar nós Dermot Kennedy agus Tom Jones, agus ag seinm ag féilte ar nós Glastonbury, Latitude agus Electric Picnic. 

Le linn an lae, beidh na daoine óga ag díriú ar scileanna macasamhail cheol a sheinm i ngrúpa, banna ceoil a chur le chéile, comhoibriú, scríbhneoireacht agus bainistiú fuaime.

Beidh uirlisí ceoil ar fáil, ach tá fáilte roimh rannpháirtithe a gcuid uirlisí féin a thabhairt leo. Spásanna teoranta.

Cruinniú na nÓg Donegal 2026

Venue

Árainn Mhór
Árainn Mhór
DL
f92yp83 

06 Jun 2026

11.00AM - 4.00PM

Age range

13-15

16-18


CONTACT

For more information on Donegal County Council's programme of events for Cruinniú na nÓg, please contact Daithí Ramsay
daithiramsay@donegalcoco.ie

Why not try