Bígí linn chun cruthaitheacht agus Gaeilge a cheiliúradh ag imeacht atá á n-óstáil ag Club Sacair Salthill Devon, in éineacht lenár gcomhpháirtithe iontacha Gaeilge ABC, i bPáirc Sacair an Droma, Dé Sathairn, an 7 Meitheamh ó 11:00rn go 1:00in. Tá an ócáid seo saor in aisce mar chuid de Chruinniú na nÓg, atá urraithe go bródúil ag Clár Éire Ildánach agus Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Beidh an ócáid theaghlaigh seo trí mheán na Gaeilge go hiomlán agus tá fáilte roimh chuile chumas teanga chuig an ócáid atá geallta a bheith spraíúil agus taitneamhach.
Bainfidh na gasúir taitneamh as:
🎨 Ceardlann Ealaíne le Niamh Ní Rúiséil
Tógtha i gConamara agus lonnaithe i gCathairloistreáin tá Niamh Ní Rúiséil ag labhairt Gaeilge ó rugadh í. Sa gceardlann ealaíne le Niamh beidh deis ag na gasúir tabhairt faoi modhanna priontála difriúla agus úsáid a bhaint as ábhair dhifriúla ar bhealach atá spraíúil agus a spreagann cruthaitheacht.
🎶 Ceardlann Amhránáiochta le MacDara Ó Conaola
Is as Inis Oírr i nGaeltacht Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe, é MacDara Ó Conaola agus is amhránaí agus léirtheoir ceoil, chomh maith le scéalaí é. Díríonn a cheardlann Amhránaíocht ghasúir idir 8 agus 12 bhliain d’aois agus tugann sé seans dóibh cúpla amhrán a chasadh trí mheáin an Gaeilge ar bhealach taitneamhach agus spórtúil.
Is imeacht saor in aisce é seo atá oscailte do chuile dhuine – ní gá é a chur in áirithe.
Tar linn chun aoibhneas na cruthaitheachta, an pobal, agus an Ghaeilge a cheiliúradh!
Salthill Devon FC