Monaghan County Council Launches Exciting Programme of Events for Cruinniú na nÓg 2025
Children and young people across Co. Monaghan are preparing for Cruinniú na nÓg 2025! Cruinniú na nÓg is Ireland’s ‘National Day of Creativity’ for children…
23/05/2025
Beidh níos mó ná 35 imeacht anseo i nDún na nGall ar féidir leis an phobal triail a bhaint astu go hiomlán saor in aisce, le hionaid agus eagraíochtaí ar fud an chontae ag glacadh páirte ó Charn Domhnach go Bun Dobhráin agus ó Árainn Mhór go Ráth Bhoth, in Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, i Leabharlanna, in Ionaid Ealaíon agus i Hallaí Pobail. Beidh deis ann fiú Lúbra Léasair ETIM a chur sa phost chuig do theach, agus tá sé sin saor in aisce fosta!
Tá an t-eolas ar fad faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl i nDún na nGall, agus sonraí faoi áirithintí a dhéanamh, ar fáil ag donegalculture.ie.
Is iad Ambasadóirí óga Chruinniú na nÓg do Dhún na nGall i mbliana ná Michael Deely as Baile Dhún na nGall agus Breegeen Boner as Ailt an Chorráin. Chuaigh siad go Luimneach ar na mallaibh, áit ar sheol an tAire Patrick O’Donovan Cruinniú na nÓg go hoifigiúil don bhliain seo.
Tá Micheál 16 bliana déag d’aois agus i measc na suimeanna atá aige tá Dearadh Cruthaitheach, Grianghrafadóireacht agus Margaíocht sna Meáin. Chuir sé isteach ar Junk Kouture lena chuid cairde anuraidh agus ba iad príomhthéamaí na bliana sin ná an Cháin Bhándearg agus an tAnás Míosta. Tá dhá thionscadal eolaíochta rathúla cruthaithe aige fosta; A dyslexia lamp with a difference agus A Cookbook For People With Intellectual Disabilities. Tá Breegeen 16 bliana d’aois fosta agus is amhránaí agus scríbhneoir í a sheinn i gClub Beo in Anagaire ar na mallaibh. Is breá léi gach cineál ealaíne, agus líníochtaí, pictiúir agus píosaí cré a chruthú.
Is é Caisleán Dhún na nGall an t-ionad do cheann de na príomhimeachtaí i mbliana agus cuirfidh Cumann Pobail Bhaile Dhún na nGall agus Ionad Acmhainní Teaghlaigh Dhún na nGall a n-acmhainní le chéile le tráthnóna lán gníomhaíochtaí den scoth a chur ar fáil. Cuirfidh Ionad na gCruach Gorm i mBaile Dhún na nGall Creative Chaos ar siúl arís chomh maith, a bhfuil an-dúil ag daoine ann, agus is cinnte go mbeidh sé ina lá lán spraoi agus prácáis.
Beidh Bailte Slachtmhara Bhun an Phobail ag spreagadh gach duine chun boscaí éan a thógáil ar fhaiche an tsráidbhaile. Beidh daoine óga ar an Fhál Carrach ag filleadh ar an dúlra le Lucy O’Hagan ó Wild Awake, agus beidh an Inis ina suíomh den scoth don Chosán Treoraithe Bithéagsúlachta.
Beidh clár feabhsaithe Gaeilge ar siúl le himeachtaí ar Árainn Mhór den chéad uair, agus i nGaoth Dobhair, i Rann na Feirste, sa Fhál Carrach, agus i Machaire Rabhartaigh fosta.
Tá roinnt clár ar siúl thar thréimhse níos faide agus tá Ceardlanna Sorcais á reáchtáil ag Tionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall le In Your Space Circus agus ISACS. Tá scoileanna i nDún na nGall, i nDoire agus sa Srath Bán tugtha le chéile ag Tionscadail um Oileán Comhroinnte. Beidh Lá Amharclannaíochta speisialta don Aos Óg á reáchtáil ag Amharclann na nÓg Éireann in Amharclann an Ghrianáin, áit ar féidir le daoine leas a bhaint as ceardlann speisialta i ndiaidh amharc ar na daoine óga ar an ardán. Beidh ceardlanna drámaíochta ar fáil in Ionad Ealaíon an Bhalor, in Ionad Ealaíon agus Cultúrtha na Mainistreach agus in Amharclann Gaoth Dobhair fosta.
Smaoineamh de chuid Chlár Éire Ildánach is ea Cruinniú na nÓg agus tá sé á eagrú go háitiúil ag foireann Chruthaitheachta & Chultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall le daoine óga ó Chomhairle Óige Dhún na nGall.
Tá an t-eolas ar fad faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl nDún na nGall, agus sonraí faoi áirithintí a dhéanamh, ar fáil ag donegalculture.ie. Caithfidh áit a chur in áirithe do chuid de na himeachtaí mar níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Is féidir amharc ar imeachtaí agus ar thionscnaimh náisiúnta ag cruinniu.creativeireland.gov.ie/.
Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán is ea Cruinniú na nÓg agus cuirtear i láthair é i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus leis na hÚdaráis Áitiúla.
Children and young people across Co. Monaghan are preparing for Cruinniú na nÓg 2025! Cruinniú na nÓg is Ireland’s ‘National Day of Creativity’ for children…
Cork City is set to come alive with colour, creativity, and youthful energy on Saturday, 7th June as Cruinniú na nÓg 2025 takes over the…
Beidh níos mó ná 35 imeacht anseo i nDún na nGall ar féidir leis an phobal triail a bhaint astu go hiomlán saor in aisce,…
There was great excitement in Bettystown Library this morning for the official launch of Cruinniú na nÓg 2025 in Meath. Director of Services, Barry Lynch…
This year Cruinniú na nÓg, the annual day of free creativity for children and young people, will take place on Saturday 7th June. Here in…
Unleashing Creativity: Kildare County Council’s 2025 Cruinniú na nÓg Programme Kildare County Council is excited to share the details of the 2025 Cruinniú na nÓg…
Mayor of Galway City, Councillor Peter Keane launched Cruinniú na nÓg 2025 on Tuesday 13 May with a presentation of poetry, art, and music at…
Creative Fingal proudly presents Cruinniú na nÓg; a day of free creativity for young people on 7th June, 2025. This year, we continue to embrace…
Get ready for a day of magic, music, creativity and connection as Cruinniú na nÓg returns to Roscommon on Saturday, June 7th, offering a packed…
Get ready to ignite your imagination and celebrate creativity! Creative Kilkenny is thrilled to announce Cruinniú na nÓg 2025, a spectacular showcase of youthful innovation…
Cruinniú na nÓg, a national day dedicated to free creative opportunities for children and young people under 18, returns to Clare this June 7th with…
Bhí an ócáid bhliantúil seo, an t-aon cheann dá leithéid ar domhan ar siúl Dé Sathairn, an 7 Meitheamh, le 1000 imeacht saor in aisce…