Skip to main content

Ceardlann Ceoil ar Inis Oírr

  • Workshop

Táimid thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh Mol Ceoil nua á oscailt ag Áras Éanna, Inis Oírr (Oileáin Árann), an Meán Fómhair seo.

Roimh an seoladh, ba mhaith linn dul i gcomhairle le daoine óga ar an oileán chun a gcuid smaointe a chloisteáil faoi na cineálacha ceoil ar mhaith leo a fhoghlaim — lena n-áirítear seánraí, uirlisí, amhránóireacht, taibhiú, agus taithí cheoil nua ar mhaith leo a iniúchadh.

Roimh oscailt an Mhoil Cheoil, beidh sraith ceardlann agus seisiún comhairliúcháin óige á reáchtáil againn, ag tabhairt deise do dhaoine óga bualadh lenár gCeoltóirí Oideachais go pearsanta agus cabhrú le cruth a chur ar an gclár.

Beidh an chéad cheann de na seisiúin seo ar siúl Dé Sathairn, an 6ú Meitheamh, ó 10rn–3in mar chuid de Chruinniú na nÓg.

Tar ar aghaidh, buail lenár gCeoltóirí Oideachais, agus bí páirteach! Tabhair d’uirlis féin leat má tá ceann agat, nó bain triail as ceann dár gcuid uirlisí den chéad uair.

Táimid ag súil le tú a fheiceáil ann.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le: musicgenerationgalway@gretb.ie

Áras Éanna Website

Venue

Áras Eanna
Inis Oírr Conamara G 0000000

06 Jun 2026

10.00AM - 3.00PM

Age range

5-8

9-12

13-15

16-18

Why not try